Pobail a Chumhachtú
Freagracht chomhroinnte is ea an chibearshlándáil. Déanann an Eoraip dianiarracht creat comhair trasearnála lánchuimsitheach a chruthú. Imríonn ENISA ról lárnach i gcomhar gníomhach a spreagadh idir na geallsealbhóirí cibearshlándála sna Ballstáit agus in institiúidí agus gníomhaireachtaí AE. Déanann sí dianiarracht comhlántacht iarrachtaí comhchoiteanna a áirithiú trí luach breise a chur le geallshealbhóirí, trí shineirgí a fhiosrú agus trí úsáid éifeachtach a bhaint as an saineolas teoranta agus na hacmhainní teoranta atá ann i réimse na cibearshlándála. Ba cheart go ndéanfaí pobail an chumhachtú chun an tsamhail chibearshlándála a mhéadú, agus ar an gcúis seo chruthaigh ENISA an Léarscáil Institiúideach Chibearshlándála AE chun a príomh-gheallshealbhóirí a aithint agus a chur chun cinn.
Beartas Cibearshlándála
Is í an chibearshlándáil an bhunchloch le haghaidh an bhunathraithe dhigitigh agus tá riachtanas ag baint léi sna hearnálacha uile, rud a fhágann nach mór í a chur san áireamh i raon leathan réimsí beartais agus tionscnamh beartais. Níor cheart cibearshlándáil a shrianadh ag sainphobal de shaineolaithe cibearshlándála teicniúla. Dá bhrí sin, ní mór an chibearshlándáil a leabú ar fud gach réimse de bheartas AE. Ní mór ilroinnt a sheachaint agus cur chuige comhleanúnach a ghlacadh, agus aird á tabhairt ar na nithe atá sonrach do gach earnáil.
Comhar Oibríochtúil
Ní bheifear in ann tairbhí an gheilleagair dhigitigh Eorpaigh agus na sochaí digití Eorpaí a bhaint amach ina n-iomláine mura mbíonn aon chibearshlándáil ann. Ní dhéanann teorainneacha aon difear do chibirionsaithe. D’fhéadfadh tionchar a imirt ar gach cuid den tsochaí agus ní mór don Aontas bheith réidh le freagairt do chibirionsaithe ollmhóra (mórscála agus trasteorann) agus do ghéarchéimeanna cibearshlándála. Tá idirspleáchais trasteorann mar fhianaise ar an ngá atá le comhar éifeachtach idir na Ballstáit agus institiúidí AE chun gur féidir freagairt níos gasta agus iarrachtaí a chomhordú go cuí ar gach leibhéal (an leibhéal straitéiseach, oibríochtúil, teicniúil agus cumarsáide).
Forbairt Acmhainneachta
Tá méadú ag teacht go tapa ar mhinicíocht agus sofaisticiúlacht na gcibirionsaithe agus, ag an am céanna, méadaítear go tapa úsáid na mbonneagar agus na dteicneolaíochtaí TFC ag daoine aonair, ag eagraíochtaí agus ag tionscail. Is mó an riachtanas le heolas agus inniúlachtaí i réimse na cibearshlándála ná an soláthar. Ní mór don AE infheistíocht a dhéanamh in inniúlachtaí agus buanna a fhorbairt sa chibearshlándáil ar gach leibhéal, ó leibhéal an duine nach saineolaí é/í go leibhéal an ghairmí ardoilte. Ní hamháin gur cheart na hinfheistíochtaí a úsáid chun díriú ar na scileanna cibearshlándála atá ann sna Ballstáit a mhéadú, ach ba cheart iad a úsáid freisin chun a áirithiú go mbeidh ag na pobail oibríochtúla dhifriúla an acmhainneacht chuí chun déileáil leis an tírdhreach cibearbhagartha.
Réitigh Iontaofa
Gabhann idir thairbhí agus rioscaí le táirgí agus seirbhísí digiteacha, agus ní mór na rioscaí sin a shainaithint agus a mhaolú. Tá sé ríthábhachtach go nglacfaí cur chuige comhchoiteann le linn slándáil na réiteach digiteach a mheas agus a n-iontaofacht a áirithiú, agus é mar chuspóir leis an chothromaíocht cheart a aimsiú idir riachtanais shochaíocha, mhargaidh, eacnamaíocha agus chibearshlándála. Trí eintiteas neodrach atá ag gníomhú ar bhealach trédhearcach a bheith ann, méadófar an iontaoibh atá ag custaiméirí as réitigh dhigiteacha agus as an timpeallacht dhigiteach níos leithne.
Fadbhreathnaitheacht
Dá mbainfí úsáid as modhanna fadbhreathnaitheachta, rachfaí chun tairbhe do roinnt teicneolaíochtaí nua, idir theicneolaíochtaí nach bhfuil ach beagán dul chun cinn déanta orthu agus theicneolaíochtaí atá gar dá nglacadh príomhshrutha. Dá dtabharfaí faoi phróiseas struchtúrtha lena gcumasófaí idirphlé i measc geallshealbhóirí, bheadh cinnteoirí agus lucht déanta beartas in ann straitéisí luathmhaolaithe a shainiú lena gcuirfí feabhas ar athléimneacht an AE i leith bagairtí cibearshlándála agus bheadh siad in ann teacht ar réitigh chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin a thagann chun cinn.
Eolas
Is iad faisnéis agus eolas na tosca is tábhachtaí i réimse na cibearshlándála. Chun go mbeidh gairmithe cibearshlándála in ann dul i ngleic go héifeachtúil lenár gcuspóirí, obair a dhéanamh i dtimpeallacht a athraíonn de shíor, ó thaobh forbairtí digiteacha de agus ó thaobh gníomhaithe de araon, chun dúshláin ár linne a shárú, teastaíonn uainn próiseas leanúnach um fhaisnéis agus eolas ar an gcibearshlándáil a bhailiú, a eagrú, a achoimriú, a anailísiú, a chur in iúl agus a choinneáil. Baineann ríthábhacht le gach céim chun a áirithiú go ndéanfar faisnéis agus eolas a chomhroinnt agus a leathnú laistigh d’éiceachóras cibearshlándála an AE.